


STAIR GAEL LINN
Grúpa de iarchéimithe, agus abhcóide óg, Dónall Ó Móráin, mar cheann orthu, a bhunaigh Gael Linn i 1953. Bhí smaointe cinnte acu faoi cad ba ghá a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar bhonn slán agus, thairis sin, bhí barúil láidir acu faoi conas a d'fhéadfaí teacht thar an tseanchonstaic - ganntanas airgid. Bhí linn peile le bunú. Ag an am sin, ba linnte Briotánacha amháin a bhí ag feidhmiú in Éirinn, seachas na MH Pools, a bunaíodh chun tacú le hOspidéal an Mater. Agus bhí siad sin ar fad bunaithe ar shacar Shasana. Bhí Gael Linn difriúil. Ba ar an iománaíocht, ar an bpeil Ghaelach agus fiú amháin ar liathróid láimhe a bunaíodh na linnte. Ní nach ionadh bhí sé seo an-mhealltach don lucht leanúna líonmhar a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael. Scilling amháin san airgead réamhdheachúil a bhí mar shíntiús seachtainiúil. 'Scilling na Gaeilge' a baisteadh ar an síntiús. Bailíodh na síntiúis ó dhoras go doras, in ionaid oibre, i dtithe tábhairne etc. Agus bhí daoine ann a bhí sásta tabhairt faoin obair.
Obair le háireamh í obair Gael Linn thar na blianta. Bhain sí le gach gné den saol - forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta, oideachas, múineadh agus sealbhú na teanga, óg obair, foilsiú an cheoil, scannánaíocht, teilifís, raidió, siamsaíocht, óstánaíocht agus bialanna. D'éirigh thar barr le scéimeanna áirithe agus níor éirigh chomh maith céanna le cinn eile. Nuair a bhí ré caite ag scéimeanna áirithe, bhog Gael Linn ar aghaidh agus tugadh faoi rudaí nua. Ach bhí rud amháin ag baint leis na scéimeanna uile. Bhí spiorad na ceannródaíochta le sonrú orthu. Níor fhéach Gael Linn riamh le ról an rialtais a ghlacadh chuige féin nó áit na n-eagraíochtaí Gaeilge eile dá rachadh sé chuige sin. Theastaigh ó Gael Linn a léiriú do chách, agus don stát ach go háirithe, go bhféadfaí beartais éifeachtacha a chur i gcrích don Ghaeilge - rudaí a mbeadh toradh ar fónamh orthu. Go deimhin, ba é 'Bíonn toradh ar obair Gael Linn' an mana a bhí ag an eagraíocht ar feadh na mblianta.
Tréithe eile a bhí le sonrú ar obair Gael Linn ná an phroifisiúntacht agus an nua-aimsearthacht. Ba de ardchaighdeán é aon ní a rinne Gael Linn - caighdeán chomh hard, agus go minic níos airde, ná a chomhionann i mBéarla. Luaitear ceirníní Gael Linn, maille lena gcuid clúdach, mar shampla simplí amháin de seo.
Chun tuilleadh a léamh faoi stair Gael Linn brú ANSEO. To learn more about Gael Linn's history click HERE.
Chun an leabhar 'Scéal Ghael Linn' le Mairéad Ní Chinnéide a cheannach brú ANSEO.
To purchase the book 'Scéal Ghael Linn' click HERE.