CRANNCHUR GAEL LINN
by Gael Linn
Bhí sé mar sprioc ag Gael Linn i 1953 tabhairt faoi thograí ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge. Chuige sin bhí gá le hairgead a bhailiú ón bpobal mar nach raibh an tacaíocht ar fáil ón rialtas. Bhí linnte i Sasana a bhí bunaithe ar na cluichí sacair agus chinn Gael Linn ar a leithéid a bhunú in Éirinn, bunaithe ar thorthaí na gcluichí gaelacha. Lean crannchur Gael Linn, i bhfoirmeacha éagsúla, go dtí 2023. In 1953 Gael Linn set up the Gael Linn pools, which were based on the results of GAA matches, to collect funds to be used in the promotion of the Irish language. Having changed in format many times the last draw of Cairde Gael Linn was held in 2023. Another method of raising funds were Bingo sessions organised throughout the country.